Tá scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí ag iarraidh go ngabhfaí an múinteoir Enoch Burke agus go gcuirfí é i bpríosún arís as treaspás a dhéanamh ar thalamh na scoile inniu.
Scaoileadh saor Enoch Burke ó Phríosún Mhuinseo tráthnóna inné, mar a raibh sé faoi choinneáil ó dheireadh mhí na Samhna as ordú cúirte a shárú.
D'ordaigh an Breitheamh Brian Cregan inné an Búrcach a shaoradh le go mbeadh am aige luí isteach ar an gcás atá sé a thabhairt in aghaidh phainéal achomhairc a bhunaigh Wilson's Hospital chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh é a bhriseadh as a phost.
Dúirt Enoch Burke leis an mbreitheamh, áfach, nach raibh aon chall é a shaoradh ar an mbonn sin agus thug le fios go raibh rún aige dul ar ais chuig an scoil inniu.
Beart de réir briathair a rinne sé agus dúirt abhcóide na scoile Rosemary Mallon sa chúirt inniu go ndearna an Búrcach treaspás ar thalamh na scoile arís ar maidin.
Dúirt sí go raibh roinnt léirsitheoirí ag geataí na scoile freisin a raibh plaicird agus bratacha ar iompar acu agus thug sí le fios go raibh imní ar bhainistíocht na scoile faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag an scoil dá mbarr.
Cheadaigh an Breitheamh Cregan do Wilson's Hospital fógra cimithe a sheirbheáil ar Enoch Burke i ríomhphost.
Dúirt an breitheamh go raibh súil aige le Rosemary Mallon agus Enoch Burke a fheiceáil arís sa chúirt ag 2 a chlog amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


