Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na póilíní sa Tuaisceart i dtaca le bás fir 43 bliain d'aois a bhfuarthas a chorp i gCo Dhoire i dtús na seachtaine seo.
Fuarthas corp Wayne Reid i dteach i lár bhaile Chúil Raithin in oirthuaisceart an chontae ar an Luan.
Deir na póilíní go gcreideann siad go raibh baint aige le hachrann a tharla in aice leis an teach idir Déardaoin seo caite agus Dé Sathairn seo caite.
Tá fear 33 bliain d'aois gafa acu ar amhras go ndearna sé dúnmharú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


