Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fothoghchán Ghaillimh Thiar: iarrthóir eile ainmnithe

15 JANUARY 2026, 16:59

Sheila Garrity, iarrthóir neamhspleách san fhothogchán i nGaillimh Thiar
X Facebook

Iarbhainisteoir feachtais toghcháin Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly, Sheila Garrity, tá sé fógartha aici go mbeidh sí ina hiarrthóir neamhspleách san fhothoghchán i nGaillimh Thiar.

Tá suíochán folamh sa dáilcheantar sin ó d'éirigh Catherine Connolly as mar Theachta Dála nuair a toghadh í ina hUachtarán dhá mhí ó shin.

Níos túisce an tseachtain seo, d'fhógair an Comhairleoir Contae Neamhspleách Thomas Welby go mbeadh sé féin ina iarrthóir chomh maith.

Tá baint ag Thomas Welby leis an Aire Stáit Noel Grealish ón dáilcheantar céanna.

Thomas Welby, an independent councillor in Galway
Thomas Welby

Tuigtear go roghnóidh Sinn Féin, Fianna Fáil agus Fine Gael a gcuid iarrthóirí féin as seo go ceann roinnt seachtainí.

Is cosúil go mbeidh an Comhairleoir Noel Thomas ina iarrthóir ag Éire Neamhspléach, an Comhairleoir Helen Ogbu ag Páirtí an Lucht Oibre agus Niall Murphy ag an gComhaontas Glas.

Meastar gur san Aibreán nó i mí na Bealtaine a reáchtáilfear an fothoghchán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ