D'ordaigh an Ard-Chúirt inniu an múinteoir meánscoile Enoch Burke a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cúirte as treaspás a dhéanamh ar thalamh scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí arís.
Bhí Enoch Burke ag geataí na scoile arís ar maidin inniu den dara lá as a chéile, in ainneoin gur ordaigh an Ard-Chúirt dó fuireach ón áit.
Rinne an Búrcach iarracht dul isteach sa scoil ach chuir garda slándála bac air.
Scaoileadh saor Enoch Burke ó Phríosún Mhuinseo arú inné, mar a raibh sé faoi choinneáil ó dheireadh mhí na Samhna as ordú cúirte a shárú.
Ní raibh an Búrcach sa chúirt inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


