Tá léirsithe móra á mbeartú inniu sa Danmhairg agus sa Ghraonlainn.
Baineann siad seo leis an mbeartas atá phleanáil ag Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump seilbh a ghlacadh ar an Ghraonlainn.
Tuigtear go dtiocfaidh na mílte duine amach ar na sráideanna i bpríomhchathair na Danmhairge,Copenhagen chomh maith le cathracha móra eile sa Ghearmáin.
Tá na sluaite freisin faoi réir le teacht amach i bpríomhchathair na Graonlainne,Nuuk.
Tá sé bagartha ag an Uachtarán Trump go ngearrfaidh sé taraifí ar aon tír a chuireann i gcoinne a chuid pleananna seilbh a ghlacadh ar an Ghraonlainn.
Deir seisean go dteastaíonn an t-oileán seo uaidh san Aigéan Artach ar mhaithe le slándáil náisiúnta na Stát Aontaithe.


