Tá iar-Phríomh Aire na Breataine,Tony Blair ainmnithe ag Rialtas na Stát Aontaithe le bheith páirteach sa 'Bhord Síochána' do Stráice Gaza mar a thugtar air.
Bord é seo atá curtha le chéile ag Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump le maoirseacht a dhéanamh ar na tréan-iarrachtaí atá ar bun deireadh a chur leis an chogadh i Gaza, atógáil a dhéanamh ar an stráice agus é a riaradh ina dhiaidh sin.
Seachtar ar fad atá mar bhunaitheoirí feidhmitheacha ar an mbord seo, i dteannta Tony Blair tá Stát Rúnaí Mheiriceá,Marco Rubio, an toscaire speisialta Steve Witkoff agus Jared Kushner, an fear atá pósta le hiníon an Uachtaráin Trump.
Is é Donald Trump féin cathaoirleach an bhoird.


