Tá an t-iriseoir le Nuacht RTÉ,Niall Martin tar éis bháis.
Bhí sé tinn le tamall gairid.
Tháinig Niall Martin isteach go RTÉ i 1988.
Rinneadh Eagarthóir Cláir dhe ar an gclár raidió,Morning Ireland sa bhliain 2000.
Sa bhliain 2010 chuaigh sé leis an gclár Nationwide.
Dúirt Eagarthóir Bainistíochta Nuacht RTÉ,Deirdre McCarthy gur fear é Niall Martin a bhí lán de smaointe agus an-chruthaitheach.
Dúirt sí freisin gur fear thar a bheith cineálta agus flaithiúil a bhí ann.


