Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bagairt taraifí a ardú ag SAM ar thíortha san Eoraip

17 JANUARY 2026, 17:29

Breis taraifí á mbagairt ag Trump s gcás is nach bhfaigheann sé a bhealach féin
X Facebook

Bhagair Uachtarán Mheiriceá Donald Trump tráthnóna go n-ardóidh sé taraifí ar thíortha áirithe san Eoraip go dtí go bhfaigheann na Stáit Aontaithe seilbh ar an Ghraonlainn.

Chuir sé in iúl ar a ardán Truth Social go dtiocfaidh taraifí de 10% isteach ón mhí seo chugainn ar an Danmhairg, an Fhionnlainn,an Fhrainc, an Ghearmáin, an ísiltír, an Ioruaidh, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe.

Is tíortha iad seo ar fad atá i gcomhghualaíocht leis na Stáit Aontaithe.

Deir an tUasal Trump leo áfach go bhfuil 'cluichí contúirteacha' á n-imirt acu i dtaca lena seasamh ar an Ghraonlainn.

'Ón gcéad lá de Mheithimh' a deir sé, 'ardóidh na taraifí seo go 25% mura dtagtar ar shocrú sásúil a cheadóidh do na Stáit Aontaithe an Ghraonlainn a cheannacht go hiomlán'.