Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tuilleadh bagairtí ó Trump maidir le cinniúint na Graonlainne

19 JANUARY 2026, 16:08

Nuuk, príomhchathair na Graonlainne
X Facebook

Go tiubh tréan atá na bagairtí ag teacht ó Uachtaran na Stát Aontaithe Donald Trump i gcónaí maidir lena bhfuil i ndán don Ghraonlainn.

I measc na ráiteas is deireanaí uaidh, dúirt sé nach raibh an Danmhairg i gcumas an Ghraonlainn a chosaint ar an Rúis ná ar an tSín in ainneoin go raibh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh á iarraidh sin ar an Danmhairg le fiche bliain.

"Tá an uair buailte linn agus déanfar é", arsa Trump – ar bagairt an méid sin, is cosúil, go ngabhfaidh na Meiriceánaigh seilbh ar an nGraonlainn gan mhoill go breas nó treas.

Mhaígh Trump freisin nach mbeadh an domhan slán nó go mbeadh an Ghraonlainn faoi smacht iomlán na Stát Aontaithe.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, más ea, nár chreid sé go raibh Trump le saighdiúirí a sheoladh chun na Graonlainne leis an áit a fhorghabháil le lámh láidir.

Thug urlabhraí ón gCoimisiún Eorpach le fios go bhfuil an tAontas Eorpach i mbun comhráite leis na Stáit Aontaithe i gcónaí faoin gceist.

Mar sin féin, beidh cruinniú éigeandála ag ceannairí an Aontais Eorpaigh faoi bhagairtí Trump Déardaoin beag seo.

Roimhe sin, tá Trump féin le bheith in Davos san Eilvéis Dé Céadaoin, áit a dtiocfaidh ceannairí polaitiúla idirnáisiúnta agus ceannairí gnó le chéile dá gcruinniú bliantúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ