Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Enoch Burke curtha i bpríosún an athuair

19 JANUARY 2026, 15:00

Enoch Burke á thabhairt ar ais go Príosún Mhuinseo i scuadcharr na nGardaí
X Facebook

Tá an múinteoir meánscoile Enoch Burke curtha i bpríosún arís tar éis don Ard-Chúirt a rialú gur sháraigh sé ordú na cúirte arís gan treaspás a dhéanamh ar thalamh scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí.

Gabhadh an Búrcach ag geataí na scoile ar maidin inniu agus tugadh é os comhair na hArd-Chúirte go gairid tar éis 11 a chlog.

I láthair an Bhreithimh Brian Cregan, mhaígh Enoch Burke go raibh an chúirt i gcomhar leis an Rialtas d'fhonn a chearta burnreachtúla a shéanadh air.

D'fhreagair an breitheamh agus dúirt gur "maíomh áiféiseach" a bhí ann.

Mhaígh an Búrcach freisin nach ag díspeagadh na cúirte a bhí sé agus dúirt go raibh an-mheas aige ar na cúirteanna.

"Seafóid!" arsa an Breitheamh Cregan.

Thug príomhoide na scoile Noel Cunningham le fios sa chúirt go raibh aiféala air gur thug sé agallamh do nuachtán an Sunday Independent a foilsíodh inné.

Iarracht a bhí san agallamh dea-phoiblíocht a chothú don scoil ach ar an drochuair chuaigh an iarracht sin amú, arsa an príomhoide.

Dúirt Enoch Burke gur tugadh le tuiscint san agallamh gur "áit shona" a bhí sa scoil agus go raibh "gach rud ann go breá".

Os a choinne sin, dúirt Noel Cunningham go raibh gearáin faighte aige ó thuismitheoirí agus ó fhoireann na scoile faoi iompar an Bhúrcaigh.

D'ordaigh an breitheamh Enoch Burke a thabhairt chun bealaigh agus a chur i bPríosún Mhuinseo an athuair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ