Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tús le hionchoisne faoi bhás Noah Donohoe i mBéal Feirste

19 JANUARY 2026, 15:47

Fuarthas corp Noah Donohoe i ndraein áir bháistí ar an 27 Meitheamh 2020
X Facebook

Tá tús le cur i mBéal Feirste tráthnóna inniu leis an ionchoisne i dtaca le bás an déagóra Noah Donohoe sa chathair sin cúig bliana go leith ó shin.

Tá giúiré an choiste cróinéara le roghnú inniu, a mbeidh an Breitheamh Kevin Rooney os a chionn, agus tosófar ag léamh na ráiteas oscailte níos deireanaí an tseachtain seo.

Fuarthas corp Noah Donohoe, a bhí ceithre bliana déag d'aois, i ndraein áir bháistí i dtuaisceart Bhéal Feirste i mí an Mheithimh 2020, sé lá ó tuairiscíodh go raibh sé ar iarraidh.

D'fhág Noah a theach cónaithe i ndeisceart Bhéal Feiste ar a rothar ar an 21 Meitheamh agus rún aige bualadh le cairde leis.

Is cosúil, áfach, gur thit sé dá rothar ar a bhealach aneas agus chonacthas é ina dhiaidh sin gan a chuid éadaigh air.

Ghlac an pobal páirt sa chuardach dó agus fuarthas a chorp sa draein áir ar an 27 Meitheamh.

Níl sé soiléir cad go díreach a bhain do Noah agus tá feachtas ar bun ó cailleadh é ag a mháthair, Fiona Donohoe, le súil tuilleadh eolais a fháil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ