Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Peileadóirí le diúltú a bheith bainteach le fógraí Allianz

19 JANUARY 2026, 18:48

Agóid beartaithe ag peileadóirí Bhaile Átha Cliath in aghaidh an chaidrimh tráchtála atá ag CLG leis an gcomhlacht árachais Allianz
X Facebook

Tuigtear do RTÉ go bhfuil peileadóirí contae sinsir Bhaile Átha Cliath le diúltú seasamh os comhair fógraí a bhaineann leis an gcomhlacht árachais Allianz le linn agallaimh teilifíse agus a leithéid mar gheall ar an mbaint atá ag an gcomhlacht sin le hIosrael.

Tá an cinneadh déanta ag na himreoirí agus tús le cur leis an tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo chugainn.

Tá foireann peile Bhaile Átha Cliath le himirt in aghaidh Dhún na nGall i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn agus tá an cluiche le craoladh beo ar TG4.

Tá an tSraith Náisiúnta urraithe ag Allianz.

An mhí seo caite, chinn Cumann Lúthchleas Gael an caidreamh tráchtála atá ag an eagraíocht le Allianz a choinneáil in ainneoin iarratais ó bhoird chontae éagsúla an nasc a bhriseadh i bhfianaise an chinedhíothú atá Iosrael a dhéanamh sna críocha Palaistíneacha.

I dtuarascáil a foilsíodh an samhradh seo caite, dúirt rapóirtéir speisialta na Náisiún Aontaithe Francesca Albanese go n-infheistíonn Allianz "suimeanna móra airgid i scaireanna agus i mbannaí atá bainteach le gabháil [na gcríocha Palaistíneacha] agus leis an gcinedhíothú".

Tá sé le tugtha le fios ag CLG nach bhfuil ceannasaíocht na heagraíochta chun aon ní a rá faoin agóid atá beartaithe ag peileadóirí Bhaile Átha Cliath.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ