Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Margadh nua idir an Stát agus comhlachtaí cógaisíochta

20 JANUARY 2026, 11:23

Baineann an margadh nua le 32 cógas leighis
X Facebook

Meastar go gceadóidh an Rialtas margadh nua idir an Stát agus comhlachtaí cógaisíochta maidir le cógais leighis a chur ar fáil d'othair phoiblí as seo go ceann ceithre bliana.

Is dhá chineál comhlacht cógaisíochta atá i gceist – comhlachtaí a dhéanann taighde agus a chruthaíonn cógais nua agus comhlachtaí a dhéanann cógais chineálacha.

De réir an mhargaidh, ba cheart go ndéanfaí cinneadh faoi chógais chineálacha a chur ar fáil d'othair phoiblí níos túisce ná mar a dhéantar faoi láthair.

Beidh dualgas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte feasta measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht costais na gcógas leighis atá i gceist taobh istigh de 180 lá nó mar sin.

Ceaptar go mbaineann an margadh le 32 cógas leighis agus go rachaidh an socrú nua chun fónaimh do thart ar 6,000 othar.

Cógais faoi choinne ailse, diaibéitis, otrachta, galar croí agus aicídí nach iad atá i gceist.

Is féidir costas mór a bheith ag baint le cógais leighis is nuálaí – €100,000 an duine gach uair a chuirtear ar fáil é i gcásanna áirithe.

Meastar go gcaithfidh an Stát thart ar €4 bhilliún ar chógais leighis i mbliana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ