Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bagairtí, buannaíocht Trump le criathrú san Eilvéis

20 JANUARY 2026, 10:20

Tabharfaidh Donald Trump aitheasc ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda amárach
X Facebook

Tá sé á bhagairt ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraif de 200% a ghearradh ar fhíonta agus ar sheaimpéin ón bhFrainc mura ngéillfidh an tír sin dá éileamh páirt a ghlacadh sa 'bhord síochána' atá bunaithe aige.

Ceapadh i dtosach gur bhunaigh Trump an bord sin le 'Fórsa Idirnáisiúnta Cobhsaithe' a thabhairt le chéile in Gaza, ach is cosúil anois go bhfuil sé i gceist aige go ndéanfadh an bord idirghabháil i gcoimhlintí idirnáisiúnta éagsúla de réir bhreith a bhéilse.

An tseachtain seo caite, thug Rialtas na Stát Aontaithe cuireadh do thart ar 60 tír páirt a ghlacadh sa bhord – an Rúis ina measc – agus iarradh $1 bhilliún in airgead tirim orthu as ballraíocht trí bliana.

Tuigtear go bhfuil an Fhrainc le diúltú don chuireadh agus gurb in fáth na bagartha taraif as miosúr a ghearradh ar fhíonta ón tír sin.

Tá imní ar thíortha eile go bhféadfadh bord Trump an bonn a bhaint d'obair na Náisiún Aontaithe.

Tá Trump ag dul go Davos san Eilvéis le haghaidh mhórchruinniú bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda.

Thug sé le fios go bpléifeadh sé ceist na Graonlainne le daoine éagsúla a fhad is a bheadh sé san Eilvéis.

Tá sé ag bagairt tuilleadh taraifí a ghearradh ar ocht dtír san Eoraip mura ngéillfidh siad dá phlean seilbh a ghabháil ar an nGraonlainn, agus deirtear go bhfuil an tAontas Eorpach ag cuimhneamh ar tharaifí dá gcuid féin a ghearradh ar na Stáit Aontaithe ina éiric sin.

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen, Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, LeasPhríomh-Aire na Síne He Lifeng agus Príomh-Aire Cheanada Mark Carney, tabharfaidh siad ar fad aithisc ag an bhfóram in Davos inniu.

Tabharfaidh Trump aitheasc ann amárach agus glacfaidh sé páirt in imeachtaí eile arú amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ