Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear as Éirinn maraithe mar gheall ar mhaidhm shneachta sna hAlpa

20 JANUARY 2026, 18:32

Binn shliabh Six Noir in Alpa na hEilvéise
X Facebook

Tá sé deimhnithe ag na húdaráis san Eilvéis gur bhásaigh fear as Éirinn san ospidéal aréir mar gheall ar ghortuithe a bhain dó i maidhm shneachta agus é ag sciáil sna hAlpa an tseachtain seo caite.

53 bliain d'aois a bhí an fear ar dhuine é de thriúr a bhí ag sciáil ar shliabh Six Noir in aice le hionad saoire Ovronnaz in iardheisceart na hEilvéise Dé Máirt seo caite.

Tuigtear gur tháinig an mhaidhm shneachta aniar aduaidh ar an triúr agus iad ag teacht le fána agus gur scuabadh an fear chun bealaigh.

Fuair na seirbhísí tarrthála an fear go luath ina dhiaidh sin, d'athbheoigh siad é agus thug siad ar héileacaptar é chun an ospidéil i mbaile Sion, mar ar bhásaigh sé aréir.

Maraíodh ceithre dhuine dhéag i maidhmeanna sneachta a tharla in áiteanna éagsúla sna hAlpa le deich lá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ