Ón mbliain seo chugainn ar aghaidh a bheidh fáil ag daltaí a thugann faoin Ardteistiméireacht i nGaeilge ar an gcóras bónais le cur lena gcuid torthaí ar obair leanúnach na bliana.
2027 an chéad bhliain a mbeidh daltaí ag gabháil faoi scrúduithe in ábhair nua scoile mar chuid den leasú atá á dhéanamh ar an tsraith shinsearach le go mbronnfar níos mó marcanna ar thograí a bheidh déanta le linn na scoilbhliana.
Faoin gCóras Measúnú Breise beidh ar a laghad 40% de na marcanna ag gabháil don obair leanúnach.
Bhí imní ann nach mbeadh na marcanna bónais ar fáil sa nGaeilge ach amháin do na scrúduithe scríofa.
Le fada tá idir 5% agus 10% sa mbreis á bhronnadh ar dhaltaí a thugann faoin ArdTeist i nGaeilge mar aitheantas ar na dúshláin sa mbreis a bhíonn orthu ceal téacsleabhra agus ábhar eile staidéir a bheith ar fáil sa teanga dhúchais.
Tá sé deimhnithe anois do scoileanna dara-leibhéal na tíre ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit go mbeidh na marcanna bónais ar fáil don chóras measúnú breise ó 2027, mar chuid de "thacaíocht leanúnach na Roinne Oideachais do chur chun cinn na Gaeilge."
ArdTeist '26 "thíos leis" - Aontas na nDaltaí
Ach tá daoine agus grúpaí buartha go mbeidh daltaí na bliana seo thíos leis an lúb ar lár nach mbeidh réitithe go dtí an bhliain seo chugainn.
Tá daltaí atá sa 6ú Bliain faoi láthair i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna "á bhfágáil faoi mhíbhuntáiste ag teip riaracháin atá admhaithe ag an Roinn" a deir Aontas na nDaltaí Dara Leibhéal.
"Feidhmíodh na marcannaí bónais mar fhreagra ar an éagothroime fad-bhuanaithe atá ar Phobal na Gaeilge, gan téacsleabhra agus tacú cuí digiteach, mar sin tá pionós á chur i mbliana ar dhaltaí atá ag tabhairt faoi thograí agus obair leanúnach thré mheán na Gaeilge" a deir Oifigeach Gaeilge an Aontais Rónán Ó hIcí.
De réir thaighde ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann meastar go bhféadfaí dalta i mbliana a fhágáil 43 point CAO gann ar an lear pointí a bheidh á bhronnadh ar obair leanúnach ar nós fiosrúcháin, tuarascálacha agus tograí dalta i 2027.
"Míbhuntáiste ollmhór" é sin do dhaltaí ag tabhairt faoin measúnú i nGaeilge a deir Aontas na nDaltaí.
Deir Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann - a bhfuil lear mór Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta faoina stiúir - go bhfuil an cheist ardaithe acu leis an Roinn Oideachais agus go bhfuil siad "fós ag feithimh le scéala ón Roinn agus ó Choimisiún na Scrúduithe."


