Tá Parlaimint na hEorpa tar éis vóta a chaitheamh leis an gcomhaontú saorthráchtála Mercosur idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Theas a chur os comhair na cúirte is airde san AE, gníomh meastar a chuirfidh 2 bhliain moille ar an socrú, muna gcuireann sé ó mhaith ar fad é.
Dé Sathairn a shínigh an tAE an margadh tráchtála is mó riamh ag an Aontas le tíortha Mercosur - an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua.
Ach ní féidir é a fheidhmiú gan é a bheith daingnithe ag Feisirí Eorpacha.
Gan mórán le spáráil - 334 vóta in aghaidh 324 - a ghlac an Pharlaimint an cinneadh tráthnóna an t-ábhar a chur os comhair Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa le breith a thabhairt ar an bhfuil an comhaontú ag teacht salach ar pholasaithe an AE.
Tá Cumann na bhFeirmeoirí i nÉirinn tar éis a rá gur "cinneadh tábhachtach é seo faoin gcaoi a dtugtar faoi idirbheartaíocht faoin tráchtáil.
"Is é an cinneadh ceart é, don socrú tráchtála seo agus gach socrú tráchtála amach anseo. Chuaigh eagrais feirmeoirí ar fud na hEorpa, mar chuid de COPA, i mbun stocaireachta ó mhaidin go faoithin, agus d'éirigh linn."
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Michael Healy-Rae fáilte roimh chinneadh na Parlaiminte mar "go dtabharfaidh sé deis tabhairt faoin dhian-chanbhasáil roimh an gcéad vótáil eile."
Tá an Coimisiún Eorpach tar éis ráiteas a dhéanamh ag rá gur mór an feall a leithéid a bheith anois tarlaithe.
Ach deir an Fhrainc - an táirgeoir talmhaíochta is mó san AE - agus tíortha eile atá ag cur cosa i dtaca in aghaidh Mercosur go dtiocfadh ardú mór ar allmhuiriú mairteola, sicíní agus siúcra as Meiriceá Theas agus gurbh iad feirmeoirí na hEorpa a bheadh thíos le Mercosur.
Bhí cás dlí tionscnaithe ag 144 polaiteoir i gCúirt na hEorpa ag lorg breithiúnais faoi an bhféadfaí an comhaontú a fheidhmiú gan é a bheith daingnithe ag gach ballstát, agus faoi an gcuirfeadh an comhaontú bac ar an AE polasaithe comhshaoil agus polasaithe sláinte tomhaltóirí a chur i bhfeidhm.
Ar an meán maireann cás os comhair na Cúirte thart ar 2 bhliain.
5 cinn de thíortha a chaith vóta in aghaidh Mercosur - Éirinn, an Fhrainc, an Pholainn, an Ostair agus an Ungáir.
Tá mór-léirisiú ar siúl ag feirmeoirí sna tíortha sin le mí agus tuilleadh ag cur in aghaidh an mhargaidh atá déanta.
Meastar gur ionann an tAE agus tíortha Mercosur agus 30% d'OllTáirgeacht Intíre (GDP) na cruinne.
Faoin gcomhaontú bhí súil fáil réidh le dleachtaí ar bhreis is 90% den tráchtáil idir an dá mhór-roinn.
Bheadh buntáiste ann do lucht gnó ag onnmhuiriú caranna, fíon agus cáis as an Eoraip, agus do lucht gnó i Meiriceá Theas ag díol mairteola, sicíní, siúcra agus pónairí soighe chun na hEorpa.


