Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Triúr iriseoirí i measc 11 maraithe ag Arm Iosrael in Gaza

21 JANUARY 2026, 13:49

Tanc de chuid Fhórsaí Cosanta Iosrael ag scaoileadh le deisceart Ghaza
X Facebook

Tá 11 Palaistíneach, beirt bhuachaillí agus triúr iriseoirí ina measc, maraithe ag Arm Iosrael a deir dochtúirí, agus tá Iosrael ag maíomh go bhfuil "deireadh curtha" acu le míleatach Palaistíneach "a bhí ag cur shaighdiúirí i gcontúirt."

Diúracán ón aer a deir feidhmeannaigh sláinte i nGluaiseacht Hamas ba chúis leis an triúr iriseoirí a mharú agus iad ag taisteal i gcarr i gceartlár Chaolas Gaza.

Bhí an triúr i mbun oibre ar son Choiste na hÉigipte, atá i gceannas ar shaothar fóirithinte na hÉigipte i nGaza.

Deir tuairisceoirí eile ar an láthair le Reuters go raibh an triúr ar a mbealach le ghabháil ag taifeadadh sna campaí sealadacha atá bunaithe le maoiniú ón Éigipt do na múrtha atá fágtha gan dídean ag ionsaithe Iosrael.

An aid truck arrives in the camp and distributes water to displaced Palestinians, on June 19, 2025 in Gaza City, Gaza. Palestinians in Gaza City, whose infrastructure has been severely damaged as a result of Israeli attacks, are having difficulty accessing clean drinking water. Most of the populatio

Dheimhnigh foinse le seirbhísí slándála na hÉigipte gur feithicil de chuid an Choiste a hionsaíodh ach is beag sonraí eile a bhí aige.

Níl freagra faighte ó Fhórsaí Cosanta Iosrael faoin méid a tharla.

Ina theannta sin deir dochtúirí gur maraíodh triúr, buachaill 10 mbliana d'aois ar dhuine acu, de bharr sliogáin tanc ar an taobh thoir de Deir al-Balah i lár Ghaza.

Maraíodh beirt eile, bean agus buachaill 13 bliain d'aois, i dhá eachtra inar scaoil saighdiúirí le daoine i Khan Younis sa taobh ó dheas de Ghaza.

Agus maraíodh triúr eile in eachtraí eile lámhaigh de chuid Arm Iosrael a deir dochtúirí sa limistéar faoi ghéibeann - 11 sa n-iomlán ó mhaidin a deir an Roinn Sláinte i Rialtas Hamas.

250 iriseoir atá curtha den tsaol ag fórsaí Iosrael i nGaza le 2 bhliain anuas a deir na Náisiúin Aontaithe.