Tá Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald tar éis scríobh ag an Taoiseach ag iarraidh go seasfadh an cathaoirleach ar Bhord Bia Larry Murrin siar ón bpost, mar gheall a deir sí go bhfuil "a chuid gníomhartha tar éis dochar a dhéanamh don fheirmeoireacht agus don earnáil bia sa tír".
Tá sé faighte amach go mbíonn an chuideachta ar a bhfuil Larry Murrin ina Stiúrthóir Bainistíochta, Dawn Farm Foods, ag ceannacht mairteoil as an mBrasaíl le cur i gcuid de na tairgí a dhíolann siad.
Cuir chun cinn bia, deoch agus talmhaíocht na hÉireann thar lear an aidhm atá ag Bord Bia.
Tá Larry Murrin ina chathaoirleach ar an gcomhlacht fostáit ó 2024 nuair a ceapadh é tar éis phróiseas iomaíoch.
Tá sé admhaithe le cúpla lá anuas ag Dawn Farm Foods gur de bhunú na Brasaíle ba ea 1% den mhairteoil a dhíol siad anuraidh.
"Údar uafáis" é a deir Sinn Féin agus deir a gceannaire go léiríonn sé údar imní ar bhonn sláinte.
Deir Mary Lou McDonald chomh maith go n-ardaíonn sé ceisteanna faoi choimhlint leasa, agus faoi mhaoirseacht an Rialtais ar chomhlachtaí tábhachtacha Stáit.
Deir an tAire Talmhaíochta Martin Heydon gur eol dó go bhfuil Larry Murrin tar éis an ábhar a phlé go díreach le comhaltaí ar an mBord Bia agus deir an tAire gur faoin mBord féin déileáil leis.
Deir Uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí Francie Gorman, a bhfuil suíochán aige ar an mBord, nach féidir leis an mBord Bia feidhmiú gan muinín a bheith ag feirmeoirí as.
Deir sé go bhfuil an imní mhór atá air curtha in iúl aige don Chathaoirleach.
Pléifear an t-ábhar amárach ag cruinniú atá socraithe ag Bord Bia.


