Tá an tUachtarán Trump tar éis géarú ar an éileamh atá déanta aige go mbeadh na Stáit Aontaithe i gceannas ar an nGraonlainn ach deir sé "nach mbeidh fórsa ná lámh láidir" i gceist le seilbh a ghlacadh ar "an meall mór álainn oighir".
In óráid os cionn uair a' chloig - nuair nach raibh ceaptha a bheith aige ach 40 nóiméad - os comhair na mílte cinnire gnó agus polaitiúil ag an bhFóram Eacnamaíochta Domhanda i mbaile scíála Davos san Eilvéis dúirt ceannasaí na Stát Aontaithe go raibh sé "sa tóir ar idirbheartaíocht láithreach le ceannach na Graonlainne a phlé."

"Níl mé ag iarraidh an lámh láidir a úsáid. Ní bheidh an lámh láidir á h-úsáid agam. Níl uaidh na Stát Aontaithe ach go mbeadh an Ghraonlainn inár seilbh."
"Féadfaidh sibh aontú linn, agus beidh muid an-bhuíoch. Nó féadfaidh sibh muid a dhiúltú, agus ní dhéanfaidh muid dearmad."
Labhair sé arís is arís eile faoin méid a rinne Meiriceá sa Dara Cogaidh Domhanda agus dúirt "Marach muide, bheadh sibh ar fad ag labhairt i nGearmáinis anois, nó b'fhéidir beagán Seapáinise."
Dúirt sé go raibh an Danmhairg curtha faoi chois ag an nGearmáin "théis cupla uair a' chloig troda" agus go mb'éigean do na Stáit Aontaithe seasamh sa mbearna bhaol "ar chostas trom".
Dúirt sé arís is arís eile nach raibh aon dream ach Meiriceá in acmhainn "an t-oileán ollmhór neamh-dhaingnithe" a chosaint.
Ach "caithfidh úinéireacht a bheith againn leis an áit a chosaint. Ní féidir é a chosaint ar léas. Cé sa diabhal a bheadh ag iarraidh socrú faoi léas a chosaint?!"

Mhaoigh Trump nach bagairt ar bith do NATO a bheadh ann an Ghraonlainn a shíneadh ag Meiriceá ach dúirt sé go minic san óráid nach raibh Meiriceá "ag fáil cothrom na féinne" ó NATO agus gurbh iad "na Stáit Aontaothe atá ag caitheamh an airgid atá ag cosaint na hEorpa."
Níl caint ar thada eile is cosúil i measc lucht cinnireachta i Davos ach an bhagairt a rinne Trump ag an deireadh seachtaine go ngearrfaí dleachtaí idir 10% agus 25% ar 8 gcinn de thíortha (na tíortha Lochlannacha, chomh maith leis an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bhreatain agus an Ísiltír) atá "ag seasamh sa mbealach ar úinéireacht a bheith ag Meiriceá ar an nGraonlainn."
Chuir PríomhAire Cheanada fainic ar thíortha na cruinne ina óráid féin inné ag an gComhdháil nach mór don domhan aontú in aghaidh fhorlámhas na Stát Aontaithe.
"Ní mór dhúinn seasamh le chéile. Muna bhfuil muid ag bord, beidh muid ar an bpláta" a dúirt Mark Carney.
Dhírigh Trump go sonrach ar Charney tráthnóna ag rá "go bhfuil Ceanada ina beatha a bhuíochas do na Stáit Aontaithe: Cuimhnigh air sin Mark agus tú ag labhairt arís."
Parlaimint na hEorpa ag cur comhráití tráchtála le Meiriceá ar fionraí
Tá Parlaimint na hEorpa ag cur comhráití tráchtála le Meiriceá ar fionraí a deir siad ar ball beag de bharr bhagairtí an Uachtaráin Trump faoin nGraonlainn.
Tá an tionól i mbun próiseis faoi láthair le dleachtaí go leor ar earraí as Meiriceá a chur go leataobh, mar chuid den socrú a déanadh i Turnberry in Albain an samhradh seo caite, cé go bhfuil Meiriceá fós chun dleacht de 15% a ghearradh ar mhórchuid earraí.
Ba chosúil le tamall go raibh an Pharlaimint chun glacadh leis an socrú, ar an gcoinníoll nach mairfeadh dleachtaí Mheiriceá níos nó ná 18 mí agus bhí vóta le bheith ar an gceist an 27ú Eanáir.
Tá sé sin anois curtha ar athló de bharr na ndleachtaí nua a d'fhógair Trump ag an deireadh seachtaine, a deir cathaoirleach an Choiste Tráchtála sa bParlaimint Bernd Lange.


