Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gan Henshaw ná Porter ar Phainéal na Sé Náisiún

21 JANUARY 2026, 18:19

A ghlúin gortaithe ag Henshaw ar dualgas le Cúige Laighean
X Facebook

Ní bheidh Andrew Porter ná Robbie Henshaw ar fáil agus foireann na hÉireann ag tabhairt faoi Chraobh na Sé Náisiún, agus an bheirt fágtha ar lár inniu as an bpainéal 37 imreoir atá fógartha ag an cóitseálaí Andy Farrell.

Gortaithe atá an bheirt acu, Porter ag casaoid lena cholpa, agus a ghlúin gortaithe Dé Sathairn seo caite ag Henshaw agus Cúige Laighean ag bualadh Bayonne na Fraince i gCorn na hEorpa.

Tá sé tugtha le fios freisin ag an Aontas Náisiúnta an IRFU nach raibh imreoirí eile sa gcomhaireamh ach an oiread de bharr ghortaithe; Ryan Baird, Jimmy O'Brien, Jordan Larmour agus Paddy McCarthy a bhíonn ag imirt le Cúige Laighean, chomh maith le Cormac Izuchukwu as Cúige Laighean, Calvin Nash as Cúige Mumhan, agus beirt as Connachta, Shayne Bolton agus Mack Hansen.

5 January 2026; Andrew Porter during Leinster Rugby squad training at UCD in Dublin. Photo by Shauna Clinton/Sportsfile
Tá a cholpa ag cur as don tosach sa tsraith tosaigh Andrew Porter

Ag filleadh ar an bpainéal tá Hugo Keenan agus Jamie Osborne a bhí gortaithe le fada, agus tá Tadhg Furlong, Tommy O'Brien, Tom Ahern agus Finlay Bealham ar fad san áireamh cé go raibh siad leonta freisin le gairid.

Beirt nár chaith an geansaí náisiúnta go dtí seo atá ainmnithe - Edwin Edogbo, nascaire le Cúige Laighean, agus an leathchúlaí le Cúige Uladh Nathan Doak.

Edwin Edogbo ag imirt le Cúige Mumhan

Gan Porter ná Paddy McCarthy a bheith ar fáil, siad beirt na Mumhan Michael Milne agus Jeremy Loughman, chomh maith le Jack Boyle a bheidh ag iomaíocht le bheith ina frapa ceann-scaoilte.

Tá tús áit faighte ag húcálaí Chúige Uladh in áit Gus McCarthy Chúige Laighean.

Tá glaoch ar ais faighte ag Rob Baloucoune, an cliathánaí atá 28 anois agus nár imir le Éirinn ó mhí na Samhna 2022.

Beidh painéal na hÉireann ag fágáil Aerfort Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh le ghabháil ar champa traenála sa bPortaingéil sula dtabharfaidh siad aghaidh ar churaithe na Craoibhe, an Fhrainc, i bPáras Déardaoin an 5ú Feabhra.

Naoi n-imreoir déag le Cúige Laighean atá roghnaithe, ochtar as Cúige Mumhan, seachtar Ultach agus triúr as Connachta.

Painéal Sé Náisiún na hÉireann:

Tosaithe (20)

  • Tom Ahern (Cúige Mumhan)
  • Finlay Bealham (Cúige Chonnacht)
  • Tadhg Beirne (Cúige Mumhan)
  • Jack Boyle (Cúige Laighean)
  • Thomas Clarkson (Cúige Laighean)
  • Jack Conan (Cúige Laighean)
  • Caelan Doris (Cúige Laighean)(capt.)
  • Edwin Edogbo (Cúige Mumhan)
  • Tadhg Furlong (Cúige Laighean)
  • Rónan Kelleher (Cúige Laighean)
  • Jeremy Loughman (Cúige Mumhan)
  • Joe McCarthy (Cúige Laighean)
  • Michael Milne (Cúige Mumhan)
  • Tom O'Toole (Cúige Uladh)
  • Cian Prendergast (Cúige Chonnacht)
  • James Ryan (Cúige Laighean)
  • Dan Sheehan (Cúige Laighean)
  • Tom Stewart (Cúige Uladh)
  • Nick Timoney (Cúige Uladh)
  • Josh van der Flier (Cúige Laighean)

Cúlaithe (17)

  • Bundee Aki (Cúige Chonnacht)
  • Robert Baloucoune (Cúige Uladh)
  • Harry Byrne (Cúige Laighean)
  • Craig Casey (Cúige Mumhan)
  • Jack Crowley (Cúige Mumhan)
  • Nathan Doak (Cúige Uladh)
  • Tom Farrell (Cúige Mumhan)
  • Ciaran Frawley (Cúige Laighean)
  • Jamison Gibson-Park (Cúige Laighean)
  • Hugo Keenan (Cúige Laighean)
  • James Lowe (Cúige Laighean)
  • Stuart McCloskey (Cúige Uladh)
  • Tommy O’Brien (Cúige Laighean)
  • Jamie Osborne (Cúige Laighean)
  • Sam Prendergast (Cúige Laighean)
  • Garry Ringrose (Cúige Laighean)
  • Jacob Stockdale (Cúige Uladh)