Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bord nua Trump: 'Rialtas na hÉireann ag breithniú cuiridh'

22 JANUARY 2026, 15:23

Cairt 'an bhoird síochána' sínithe ag Trump agus ag toscairí ó Bhairéin agus ó Mharacó in Davos san Eilvéis ar maidin inniu
X Facebook

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh an Rialtas ag breithniú cuiridh ó Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump páirt a ghlacadh sa 'bhord síochána' mar dhóigh de atá bunaithe aige mar chuid dá phlean chun deireadh a chur leis an gcogaíocht in Gaza agus an chríoch Phalaistíneach a athchóiriú.

Ag labhairt dó ag an gcruinniú bliantúil den Fhóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis, thug an Taoiseach le fios "go raibh ceisteanna ag baint leis an mbord nua sin nár mhór don Rialtas a machnamh a dhéanamh orthu" sula ndéanfaí aon chinneadh faoi pháirt a ghlacadh ann.

Dúirt an Taoiseach chomh maith go bpléifeadh an Rialtas ról na hÉireann sa phróiseas síochána in Gaza le ballstáit eile an Aontais Eorpaigh.

Ceapadh ar an gcéad dul síos gur le Gaza amháin a bhainfeadh 'bord síochána' Trump ach is cosúil anois go bhfuil sé i gceist aige go ndéanfadh an bord idirghabháil i gcoimhlintí idirnáisiúnta éagsúla de réir bhreith a bhéilse.

Táthar imníoch, áfach, go bhféadfadh an chuid sin dá phlean an bonn a bhaint d'obair na Náisiún Aontaithe.

Go deimhin, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee inniu nach bhféadfadh Éire tacú le bord Trump dá mb'amhlaidh a bheadh.

Helen McEntee in Dublin
Helen McEntee, Aire Gnóthaí Eachtracha

Níos deireanaí, i nDáil Éireann, dúirt an Tánaiste Simon Harris nár léir dósan go pearsanta aon bhealach a bhféadfadh an tír seo a bheith páirteach i mbord Trump.

Go dtí seo, tá cuireadh Trump diúltaithe ag seacht dtír – an Bhreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Iorua, an tSlóivéin, agus an tSualainn – agus níl glactha leis ach ag ballstát amháin den Aontas Eorpach – an Ungáir.

Tá cuireadh tugtha freisin ag Trump don Rúis agus don Bhealarúis ach ní mórán atá ráite ag ceachtar den dá thír sin fós ina leith.

Shínigh Trump cairt 'an bhoird síochána' in Davos ar maidin inniu.

I ráiteas an tseachtain seo caite, mhaígh Trump go mba é "an bord ab fhearr agus ba mheasúla dar tugadh le chéile riamh é – ag aon am agus in aon áit".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ