Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear ciontaithe i ndúnmharú a iarpháirtí i gCorcaigh

22 JANUARY 2026, 18:48

Maraíodh Bruna Fonseca ar an 1 Eanáir 2023
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, ciontaíodh fear 32 bliain d'aois as an mBrasaíl i ndúnmharú a iarpháirtí sa chathair sin trí bliana ó shin.

Sin é Miller Pacheco a phléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Bruna Fonseca, a bhí 28 bliain d'aois agus arbh as an mBrasaíl í freisin.

Dúradh sa triail gur tháinig Bruna Fonseca go hÉirinn i mí Mheán Fómhair 2022, gur lean Miller Pacheco í i mí na Samhna ach gur chuir sí deireadh leis an gcaidreamh eatarthu taobh istigh de sheachtain.

Lá Caille 2023, áfach, fuair na Gardaí a corp faoi phluid ar leaba in árasán Miller Pacheco ar Shráid na Saoirse i lár chathair Chorcaí.

Dheimhnigh an scrúdú iarbháis gur tachtadh í.

Miller Pacheco
Miller Pacheco

Dúradh sa triail go raibh Miller Pacheco splanctha i ndiaidh Bruna Fonseca agus nach raibh sé in ann scaoileadh léi.

Idir lár mhí na Samhna agus an lá a mharaigh sé í, sheol sé beagnach 2,000 teachtaireacht téacs chuici.

Chriathraigh an giúiré an cás ar feadh uair an chloig sular chiontaigh siad Miller Pacheco i ndúnmharú.

Gearrfar pianbhreith air amárach.

Is príosún saoil a ghearrfar air mar atá sainordaithe de réir dlí i gcásanna dúnmharaithe.

Bhí muintir Fonseca agus muintir Pacheco araon sa chúirt inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ