Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cás Jeffery Donaldson curtha ar athló arís

23 JANUARY 2026, 19:17

Jeffrey agus Eleanor Donaldson
X Facebook

Cuireadh cás Jeffrey Donaldson, iarcheannaire an DUP, ar athló arís inniu, cás a d'éirigh de chúisimh gnéis atá curtha ina leith.

Bhí súíl le héisteacht sa chás i gCúirt Chorónach an Iúir ar maidn, agus bhí dlódóirí ag súil inniu le tuairisc a fháil ar bhail sláinte Eleanor Donaldson, bean chéile Jeffrey.

Tá cúig cúiseamh curtha i leith Eleanor Donaldson, ina measc cabhrú agus neartú lena fear céile. Tá na cúisimh séanta aici.

59 mbliana d'aois atá Eleanor Donaldson agus rinneadh measúnú leighis uirthi roimh an Nollaig ar iarratas ó na dlíodóírí cosanta, ach dúradh leis an gcúirt ar maidin nach raibh an tuairisc as an measúnú sin faoi réir.

Dúirt abhcóide cosanta leis an gcúirt go ndúirt an fhoireann leighis leo go raibh dochtúir ag obair air agus go raibh an tuairisc ar tí bheith críochnaithe amach.

Bhí sé ráite leis an saindochtúir, a dúradh sa chúirt, gur ábhar práinneach' a bhí ann.

Bhí díomá ar an mbreitheamh, a dúirt sé, ach chuir sé an cás siar seachtain amháin agus súil aige go mbeadh an tuairisc sin curtha faoina bhráid faoi sin.

Beidh éistteach arís ann Dé hAoine seo chugainn an 30 Eanáir.

Ní raibh ceachtar den bheirt chosantóir i láthair inniu. Tá cead tugtha dóibh le gairid gan bheith i láthair agus ní raibh siad i láthair i dteach na cúirte le 11 mhí.

Phléadáil Jeffrey Donaldson neamhchiontach in 18 cúiseamh, ar a áirítear cúisimh amháin éignithe, ceithre chúiseamh ró-mhígheanais agus 13 chúiseamh ionsaithe mígheanasaigh

Baineann na coireanna a liamhnaítear le beirt íobartach agus baineann siad le tréimhse 23 bhliain idir 1985 agus 2008.

Ceisteanna faoi shláinte Eleanor Donaldson a chuir siar dul chun cinn sa chás: socraíodh dáta don triail faoi dhó agus cuireadh siar faoi dhó iad.