Tá ceannasaí na gníomhaireachta ICE i gcathair Minneapolis sna Stáit Aonaithe tarraingthe amach as an áit ag an Uachtarán Donald Trump agus duine nua ceaptha ina áit tar éis d'oifigigh ICE léirsitheoir a lámhach agus a mharú sa chathair sin ar an deireadh seachtaine.
Deirtear gur duine an-chadránta is ea an té a bhí i gceannas go dtí seo, Gregory Bovino, ach níl sé soiléir fós cén modh oibre a bheas ag an té atá le teacht ina áit, an t-oifigeach sinsearach inimirce Tom Homan.
Tá Tom Homan istigh le Trump le fada agus is é atá freagrach as inimircigh atá ina gcónaí sna Stáit Aontaithe go neamhdhleathach a dhíbirt as an tír.
Mar sin féin, ceaptar go bhfuil athrú intinne tagtha ar Trump agus gur mian leis polasaí níos boige a chur i bhfeidhm in Minneapolis maidir le hinimircigh agus léirsitheoirí.
Is cosúil go bhfuil fonn ar Trump anois comhoibriú le húdaráis shibhialta na cathrach seachas a bheith i dtaobh le lucht ICE.
Baineann an scéal le marú Alex Pretti, fear Meiriceánach 37 bliain d'aois ar lámhach oifigigh ICE é Dé Sathairn seo caite.
Mhaígh Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh Alex Pretti gníomhairí ICE agus gur á gcosaint féin a bhí siad nuair a lámhach siad é.
Tagann an cuntas sin salach, áfach, ar na fístaifeadtaí den eachtra atá curtha sa timpeall.
Léiríonn na taifeadtaí sin gur fón seachas gunna a bhí ina láimh ag Alex Pretti.
Cé go raibh gunna ina chrios aige, is i ndiaidh do na gníomhairí é a bhaint de a lámhach siad é.
Bhí an gunna ag Alex Pretti go dleathach.
Cáineadh go forleathan Rúnaí Slándála Baile Rialtas Mheiriceá Kristi Noem faoi "sceimhlitheoir dúchasach" a thabhairt ar Alex Pretti go gairid i ndiaidh a mharaithe.
Bhí cruinniú aici le Trump faoin scéal aréir agus tuigtear nach mbeidh sí chomh bainteach le cúrsaí inimirce feasta agus a bhí go dtí seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


