Tá thart ar 30,000 teach, feirm agus ionad gnó gan cumhacht leictreachais ar maidin mar gheall ar an damáiste a rinne Stoirm Chandra don líonra i gcaitheamh na hoíche, dar le Bord Soláthair an Leictreachais.
Deir an comhlacht go bhfuil foirne teicneoirí in áiteanna éagsúla ag déanamh a ndíchill cheana féin an chumhacht a thabhairt ar ais.
Tá fuarlaigh forleathan agus tá moill ar sheirbhísí iompair dá mbarr, lena n-áirítear seirbhísí DART i mBaile Átha Cliath tar éis don sáile tonnadh isteach ar an iarnród.
Tá an t-iarnród idir Loch Garman agus Inis Córthaidh dúnta freisin tar éis don tSláine sceitheadh thar a bruacha agus tá busanna curtha ar fáil idir an dá áit.
Táthar ag comhairliú do thiománaithe a bheith fíorchúramach agus stráicí fada bóthair faoi uisce in áiteanna go leor i gCúige Laighean, i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh.
Go deimhin, tá an chuid de mhótarbhealach an M50 idir Achomhal 13 (Dún Droma) agus Achomhal 12 (Teach na Giúise) dúnta faoi láthair agus tranglam tráchta ann dá bhíthin.
Deir Met Éireann gur thit 30 miliméadar de bháisteach i bPáirc an Fhionnuisce sa phríomhchathair i gcaitheamh na hoíche.
Chuaigh Abhainn na Dothra thar a bruacha i Ráth Fearnáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus b'éigean don tseirbhís dóiteáin ceathrar a tharrtháil ansin.
Tá foláireamh buí báistí i bhfeidhm i sé chontae in oirthear na tíre, mar atá, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Lú Cill Mhantáin, Loch Garman agus Port Láirge agus tá foláireamh buí gaoithe i bhfeidhm sa tír ar fad.
Tiocfaidh deireadh leis an dá fholáireamh ag 11 a chlog ar maidin.
Mar sin féin, tá tuilleadh báistí geallta agus leathfaidh ceathanna troma aneas i gcaitheamh an lae. Beidh gaoth láidir anoir ann freisin, go háirithe cois cósta san oirthear agus sa deisceart.
Is i gCionn Mhálanna i gCo Dhún na nGall a taifeadadh an ghaoth ba láidre i gcaitheamh na hoíche, áit a raibh 92 ciliméadar san uair fúithi ar an meán. 126 ciliméadar san uair a bhí faoin siota ba thréine ansin.
Tá 10,000 áitreabh gan cumhacht aibhléise sa Tuaisceart agus tá os cionn 300 scoil dúnta ansin mar gheall ar an stoirm.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


