Tugadh fear ocht mbliana déag d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe i dtiomáint chontúirteach arbh é bás cailín sé bliana déag a thoradh.
Sin é Keith Lee as Céide Radharc na Páirce, Páirc Chrann Phapáin, Baile Átha Cliath 11, nach ndúirt aon ní nuair a cúisíodh é aréir, dar le Garda a labhair sa chúirt inniu.
Bhásaigh Grace Lynch san ospidéal tar éis do ghluaisrothar streachailte í a bhualadh ar Bhóthar Ráth Tó i bhFionnghlas tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.
Chuir na Gardaí in aghaidh bannaí a cheadú do Keith Lee i bhfianaise a thromchúisí agus atá an cion atá curtha ina leith.
Gan bhuíochas do na Gardaí, más ea, cheadaigh an Breitheamh Áine Clancy bannaí don chúisí faoi réir coinníollacha áirithe – gan gluaisrothar streachailte a thiomáint ina measc.
Beidh an cás os comhair cúirte arís ar an 1 Bealtaine, tráth a dtabharfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poilbí treoracha ina leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


