Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Dlíthe maidir le gluaisrothair streachailte le dianú'

27 JANUARY 2026, 13:31

An Taoiseach Micheál Martin
X Facebook

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris araon go bhféachfadh an Rialtas leis na dlíthe a bhaineann le gluaisrothair streachailte a dhianú agus a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Thug an bheirt le fios go ndeachaigh i gcion go mór orthu focail mháthair an chailín sé bliana déag d'aois a maraíodh nuair a bhuail ceann de na gluaisrothair sin í i mBaile Átha Cliath arú inné.

Rinne an Taoiseach comhbhrón le muintir Grace Lynch a bhásaigh san ospidéal go gairid i ndiaidh na tubaiste a tharla ar Bhóthar Ráth Tó i bhFionnghlas tráthnóna Dé Domhnaigh. Níl aon insint ar a mbris, arsa sé.

Dúirt Micheál Martin freisin go mbeadh sé ag labhairt le hAirí Rialtais le súil a chinntiú go ndéanfaí gach ar féidir le gluaisrothair streachailte a chur de bhóithre poiblí na tíre.

Bhí baint aige féin, a dúirt sé, leis an reachtaíocht bhunaidh a tugadh isteach maidir le gluaisrothair streachailte agus thug sé le fios gur mithid gach gné den reachtaíocht úd agus na rialacháin ábhartha a chur i bhfeidhm.

Dúirt Simon Harris gur tragóid mhillteanach a bhí i mbás Grace Lynch agus agus thug sé féin le fios go mbeadh sé ar cheann de thosaíochtaí an Rialtais an reachtaíocht atá ann cheana a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ