Níl Stoirm Chandra glanta fós agus leathfaidh sí aneas trasna iarthar na tíre níos deireanaí inniu, a deir Met Éireann.
Séidfidh gaoth an-láidir in amanna agus beidh sé ina ghála in áiteanna cois cósta, dar leis na meitéareolaithe.
Molann siad do dhaoine fuireach ón gcósta nó go mbeidh an ghaoth mhór tite.
Sna sála ag an ngaoth, tiocfaidh báisteach thar a bheith trom, a deir siad, agus athbháfaidh sí áiteanna atá ar maos cheana.
Ar an drochuair, rachaidh tuilleadh aibhneacha agus sruthán thar a mbruacha de bharr na díleann agus beidh bóithre fágtha faoi uisce go ceann scaithimh.
Os a choinne sin, tá na tuilte ag trá go tréan in áiteanna áirithe – in aice na Dothra i mBaile Átha Cliath, cuir i gcás.
Ní hamhlaidh don tSláine i gCo Loch Garman, áfach, ar sceith sí thar a bruacha ag 4 a chlog ar maidin.
Go deimhin, is ag ardú i gcónaí atá roinnt aibhneacha san oirdheisceart.
Mar leis an díobháil atá déanta ag uisce na Sláine, tá baile Inis Córthaidh agus an ceantar máguaird thíos leis go mór.
Dúirt an Seanadóir Cathal Byrne ó Fhine Gael go bhfuil 350 áitreabh sa cheantar is measa a buaileadh agus thug le fios go bhfuil gnóthais agus scoileanna dúnta de bhíthin na tubaiste.
Tá díomá ar dhaoine in Inis Córthaidh, arsa sé, gur ceadaíodh maoiniú de €55 milliún in 2014 le haghaidh mórscéim cosanta tuilte ach nach bhfuarthas cead pleanála fós.
I nDáil Éireann, dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfeadh an Rialtas íocaíochtaí agus tacaíochtaí eile ar fáil láithreach do dhaoine atá ag fulaingt mar gheall ar na tuilte.
Is ón Roinn Coimirce Sóisialaí ar an gcéad ásc agus ón Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta a thiocfadh an chabhair, a dúirt sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


