Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Scaipeadh Chlann Lir ar an Rialtas i gcaitheamh na Féile Pádraig

27 JANUARY 2026, 15:51

An tseamróg le bronnadh ag an Taoiseach ar Uachtarán na Stát Aontaithe sa Teach Bán
X Facebook

Scaipeadh Chlann Lir a bheas ar Airí Rialtais agus Airí Stáit na tíre seo i gcaitheamh na Féile Pádraig i mbliana, óir tá gach uile dhuine acu le bheith páirteach in imeachtaí thar sáile an tráth sin.

Sin cúig Aire Rialtais déag – an Taoiseach agus an Tánaiste ina measc – agus 23 Aire Stáit.

Is ar cheithre hairde na cruinne a bheas a dtriall agus iad le cuairt a thabhairt ar leathchéad tír san iomlán i gcaitheamh na Féile Pádraig.

Beidh ochtar acu sna Stáit Aontaithe, áit a mbeidh cruinniú ag an Taoiseach leis an Uachtarán Donald Trump sa Teach Bán, agus tabharfaidh sé sciuird freisin ar Philadelphia.

Beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee i mBostún agus beidh an tAire Fiontar Peter Burke i Nua-Eabhrac.

Is i stát Georgia a bheas an tAire Ealaíon Patrick O'Donovan; in Chicago a bheas an tAire Tithíochta James Browne; agus is go San Francisco a rachas an tAire Talmhaíochta Martin Heydon.

Is sa Ghréig agus sa Chipir a bheas an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan agus is chun na Vatacáine a rachas an tAire Leanaí Norma Foley.

Níos gaire do bhaile a bheas an Tánaiste Simon Harris, arae is i bPáras agus i Londain a bheas sé siúd.

Níos faide i gcéin, sa Bhrasaíl, a bheas an tAire Iompair Darragh O'Brien. Níos faide fós a rachas an tAire Oideachais Hildegarde Naughton, ós ar an tSile agus an Airgintín a thabharfas sise a haghaidh.

Beidh an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers sa tSeineagáil agus sa Nigéir; i gCeanada a bheas an tAire Gaeltachta Dara Calleary; an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill, is chun na Gearmáine atá sí le dul; agus is ar íochtar na cruinne, an Astráil, a bheas triall an Aire Ardoideachais James Lawless.

In Los Angeles a bheas an Ceann Comhairle Verona Murphy agus chun na hIndia a rachas an tArd-Aighe Rossa Fanning.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ