Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tús le hobair ghlantacháin i ndiaidh na stoirme

28 JANUARY 2026, 17:27

Ag treabhadh ar aghaidh i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Tá obair ghlantacháin ar bun inniu i gceantair in oirthear agus in oirdheisceart tíre go háirithe ina ndearna Stoirm Chandra scrios.

D'fhág an stoirm tuilte móra dá héis i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin agus i Loch Garman, áit a ndeachaigh aibhneacha agus srutháin thar a mbruacha mar gheall ar an díle bháistí.

Tháinig méid an tulca aniar aduaidh ar an bpobal sna ceantair sin agus b'éigean don tseirbhís dóiteáin daoine a tharrtháil ó thithe agus ó fheithiclí i roinnt áiteanna.

Tháinig an t-uisce isteach i dtithe agus in ionaid ghnó go leor i mBun Clóidí agus in Inis Córthaidh i gCo Loch Garman nuair a sceith an tSláine, ceann de na haibhneacha is mó sa tír, agus ceaptar nach síothlóidh an tuile ansin go gceann tamaill fós.

A man walks through flooded streets in Dublin
Seirbhísí bus ar fionraí

Tá codanna de lár bhaile Inis Córthaidh dúnta i gcónaí, áit ar lig thart ar leathchéad áitreabh an t-uisce isteach.

Ní fios go baileach fós cén damáiste a rinneadh ná cad é atá faoi choinne mhuintir an cheantair sin nuair a thráfas an tuile ach tá sé geallta ag an Rialtas cúnamh a chur ar fáil gan aon mhoill.

Tá íocaíocht éigeandála ar fáil le haghaidh earraí tí agus obair dheisiúcháin do dhaoine nach bhfuil in acmhainn íoc astu iad féin.

Tá scéim cosanta tuilte beartaithe in Inis Córthaidh le fada ach tá moill ar an bpróiseas pleanála de bharr imní faoin gcaoi a rachadh an scéim i gcion ar an gcomhshaol.

Picture of flooding in Wexford
Inis Córthaidh

Tá sé tugtha le fios ag Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil an scéim le dearadh as an nua ach nach mbeidh sé réitithe go dtí lár na bliana seo chugainn.

Chomh maith le Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Loch Garman, rinne Stoirm Chandra damáiste suntasach i gCo Lú agus i gCorcaigh.

Tá foláireamh buí báistí nua fógartha ag Met Éireann i gcúig chontae, mar atá, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman agus Port Láirge.

Tiocfaidh feidhm leis an bhfoláireamh ag an meán oíche anocht agus tiocfaidh deireadh leis ag an meán oíche amárach.

Deir na meitéareolaithe go mbeidh fuarlaigh in áiteanna agus go sceithfidh aibhneacha de bharr na fearthainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ