Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

€7.55 billiún le hinfheistiú i mbonneagar oideachais

28 JANUARY 2026, 11:57

Oifigí na Roinne Oideachais ar Shráid Mhaoilbhríde i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Tá straitéis infheistíochta na Roinne Oideachais as go ceann ceithre bliana le foilsiú inniu ag an Aire Hildegarde Naughton.

Cuid den Phlean Forbartha Náisiúnta is ea an straitéis a bheas ag díriú, ar an gcéad ásc, ar bhailchríoch a chur ar bheagnach 300 togra tógála atá idir lámha faoi láthair.

Beidh os cionn 30,000 áit bhreise agus nua-aoisithe i scoileanna na tíre nua de thoradh na dtograí sin.

Dúirt urlabhraí an Aire go rabhthas ag iarraidh an leas is fearr a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana le freastal ar na riachtanais is práinní, go háirithe in earnáil an oideachais speisialta.

Tá sé i gceist €7.55 billiún san iomlán a chaitheamh ar bhonneagar oideachais idir seo agus 2030.

Caithfear €2.25 billiún den mhéid sin ar chothabháil, ar mhionoibreacha, ar theicneolaíocht, ar scéimeanna aeráide agus nithe nach iad.

Taiscfear €0.3 billiún i gciste teagmhais le haghaidh lá na coise tinne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ