Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear cúisithe i ndúnmharú fir scothaosta i dTiobraid Árann

28 JANUARY 2026, 13:24

Seán Harding atá cúisithe i ndúnmharú Teddy Murnane i mbaile Thiobraid Árann anuraidh
X Facebook

Tugadh fear 32 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Dhurlais i gCo Thiobraid Árann agus é cúisithe i ndúnmharú fir 81 bliain d'aois i mbaile Thiobraid Árann anuraidh.

Sin é Seán Harding, as Ardán Mhuire i mbaile Thiobraid Árann, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Timothy 'Teddy' Murnane a fuarthas gan aithne gan urlabhra taobh amuigh dá theach cónaithe i mí Mheán Fómhair anuraidh agus a fuair bás san ospidéal i Luimneach dhá lá ina dhiaidh sin.

Teddy Murnane
Teddy Murnane

Dúirt Garda sa chúirt go ndúirt Seán Harding 'No' nuair a cúisíodh é sa dúnmharú i Stáisiún Gardaí Chaisil.

Cúisíodh Seán Harding roimhe seo in ionsaí díobhálach a dhéanamh ar Teddy Murnane agus i mbuirgléireacht.

Sa chúirt inniu, tarraingíodh siar an chúis maidir le hionsaí díobhálach.

Cuireadh Seán Harding siar faoi choinneáil agus tá sé le tabhairt os comhair na cúirte arís seachtain ó inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ