Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Iar-phríomhfheidhmeannach cúisithe in éillitheacht

28 JANUARY 2026, 15:10

Tiocfaidh an cás os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir arís ar an 28 Aibreán
X Facebook

Tháinig iar-phríomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Mhantáin agus Chill Dara os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe in éillitheacht in oifig phoiblí.

Sin é Seán Ashe, 73 bliain d'aois, as Toirnín, Teach Srafáin, Co Chill Dara, ar duine é de cheathrar fear as Co Chill Dara a bhfuil 178 cúis maidir le héillitheacht curtha ina leith.

Is iad an triúr eile Kieran Downey, 49 bliain d'aois, as an Nás; Richard Whelan, 41 bliain, as Droichead Nua; agus John Ashe, 44 bliain, as Teach Srafáin, ar mac é do Sheán Ashe.

Baineann an scéal le fiosrúchán atá ar bun le hocht mbliana ag Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch.

Ceadaíodh bannaí don cheathrar ar chuntar nach ndéanfaidh siad aon teagmháil le chéile idir seo agus an chéad éisteacht eile, seachas an t-athair agus an mac.

Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís ar an 28 Aibreán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ