Léirsigh na céadta iarratasóírí ar thearmann idirnáisiúnta taobh amuigh de Theach Laighean inniu agus tarscaoileadh á éileamh acu ar an Rialtas le go mbeadh cead acu fanacht in Éirinn.
Bhí idir dhaoine fásta agus pháistí páirteach sa léirsiú ar Shráid Theach Laighean.
Is cuid é an léirisú d'fheachtas trí seachtaine atá ar bun ag na heachtrannaigh le cead cónaithe sa tír seo a fháil.
Tá roinnt acu ag cur fúthu i bpubaill taobh amuigh d'oifigí na Roinne Talmhaíochta ar Shráid Chill Dara ó cuireadh tús leis an bhfeachtas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


