Tuigtear go bhfuil thart ar 300 post i mbaol in Amazon in Éirinn mar chuid de chiorruithe atá an comhlacht a dhéanamh ar fud an domhain.
D'fhógair Amazon inniu go bhfuil 16,000 fostaí le ligean chun siúil acu go hidirnáisiúnta.
Tá beagnach 6,500 duine fostaithe ag Amazon sa tír seo.
Lig an comhlacht thart ar 150 duine chun siúil in Éirinn mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Tá sé tugtha le fios ag Amazon gur earcaigh siad an iomarca daoine le linn na paindéime Covid-19, tráth a bhí an-éileamh ar sheirbhísí siopadóireachta ar líne.
Ceaptar freisin go bhfuil Intleacht Shaorga ag teacht in áit daoine go mear i rannóga áirithe sa chomhlacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


