San Ard-Chúirt, ghabh an t-iarAire Rialtais Shane Ross leithscéal le fear céile cheannaire Sinn Féin Mary Lou McDonald faoina ndúirt sé faoi i leabhar a foilsíodh in 2022.
Bhí tús le cur sa chúirt inniu le cás clúmhillte a bhí tugtha ag Martin Lanigan in aghaidh Shane Ross agus na bhfoilsitheoirí Atlantic Books.
Beathaisnéis Mary Lou McDonald a bhí sa leabhar a mhaígh Martin Lanigan a thug le tuiscint gur ball den IRA a bhí ann agus go bhfuair sé airgead aindleathach.
Dúradh sa chúirt thar ceann Shane Ross agus na bhfoilsitheoirí, más ea, nach raibh sé ar intinn acu a leithéid a thabhairt le tuiscint agus go mb'oth leo go mór an tuiscint sin a bheith ag aon duine de bharr a raibh sa leabhar.
Dúradh freisin nach raibh amhras dá laghad ann faoi dhea-chlú an ghearánaí.
Deimhníodh go raibh socrú déanta idir an dá pháirtí agus léadh sa chúirt an leithscéal a bhí gafa le Martin Lanigan ag na cosantóirí.
I ndiaidh na héisteachta, dúirt Martin Lanigan go raibh sé sásta leis an leithscéal ach níor thoiligh sé a rá an bhfuair airgead mar chuid den socrú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


