Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cosc le cur ar ghluaisrothair streachailte in áiteanna poiblí

28 JANUARY 2026, 18:06

Cosc ar ghluaisrothair streachailte: rialacháin chuí le réiteach go práinneach
X Facebook

Tá sé dearbhaithe go bhfuil cosc le cur ar ghluaisrothair streachailte in áiteanna poiblí agus go mbeidh feidhm leis an gcosc faoi cheann cúpla seachtain.

D'iarr an Taoiseach Micheál Martin ar Airí Rialtais na rialacháin chuí a réiteach go práinneach agus iad a chur os comhair na Comhaireachta a thúisce is féidir.

Pléadh an cheist i gcruinniú a bhí ag an Taoiseach agus an Tánaiste Simon Harris leis an Aire Iompair Darragh O'Brien, leis an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan agus le hoifigigh ón dá roinn sin, chomh maith leis an Aire Stáit Seán Canney agus leis an Ard-Aighne Rossa Fanning.

Bainfidh an cosc le bóithre poiblí, páirceanna poiblí agus áiteanna poiblí nach iad.

Tabharfar isteach freisin rialacháin níos déine maidir le scútair leictreacha agus rothair leictreacha.

Tá dlús á chur leis na rialacháin nua i bhfianaise na tubaiste a tharla i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.

Maraíodh Grace Lynch, cailín scoile sé bliana déag d'aois, tar éis do ghluaisrothar streachailte í a bhualadh i bhFionnghlas tráthnóna Dé Domhnaigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ