Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Níos mó tuilte geallta san oirthear agus san oirdheisceart

29 JANUARY 2026, 10:37

Inis Córthaidh i gCo Loch Garman tar éis don tSláine cur thar bruach
X Facebook

Tá seirbhísí traenach curtha ar fionraí in áiteanna in oirthear agus in oirdheisceart na tíre den dara lá as a chéile agus cuid den iarnród faoi uisce i gcónaí mar gheall ar Stoirm Chandra.

D'fhág an stoirm tuilte móra dá héis i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin agus i Loch Garman, áit a ndeachaigh aibhneacha agus srutháin thar a mbruacha agus rinne an ghaoth mhór damáiste freisin sna háiteanna sin.

I dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, dúnadh an t-iarnród idir Mullach Íde agus Gabhal Bhinn Éadair-Domhnach Míde ar maidin tar éis do chrann titim anuas air.

Tá foláireamh buí báistí i bhfeidhm go dtí an meán oíche anocht i sé chontae, mar atá, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman agus Port Láirge, agus beidh tuilleadh fuarlach sna háiteanna sin mar gheall ar an mbalcadh.

Residents of Grange Park, Rathfarnham, Dublin, as clean up continues after Storm Chandra
Obair ghlantacháin i Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath

Dar le Met Éireann go mb'fhéidir gur mheasa fós a bheadh an scéal inniu mar nach raibh sé d'am ag tuilte an lae inné síothlú fós.

Mura mbeidh ann ach uisce anuas ar uisce atá ann cheana, a deir siad, sceithfidh sé go fairsing.

Dúirt Bord Soláthair an Leictreachais ar maidin go raibh barr ar 1,200 teach, feirm agus ionad gnó gan chumhacht fós mar gheall ar an damáiste a rinne Stoirm Chandra don líonra.

Tá an tAire Stáit Kevin 'Boxer' Moran le cuairt a thabhairt inniu ar chuid de na ceantair is mó atá siar leis – deisceart Bhaile Átha Cliath, Co Chill Mhantáin agus Inis Córthaidh i gCo Loch Garman, áit ar chuir an tSláine thar bruach.

Is é Kevin 'Boxer' Moran atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí agus as scéimeann cosanta tuilte sa Stát.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ