Gortaíodh go han-dona leanbh óg nuair a d'ionsaigh dhá mhadra é i gCo Chill Chainnigh inné.
Ionsaíodh an buachaill ocht mí dhéag d'aois i dteach i gCallainn ag thart ar 3 a chlog tráthnóna inné.
Tá cóir leighis á chur air in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.
I ndiaidh gur gortaíodh an buachaillín go han-dona, deirtear nach bhfuil sé i mbaol báis faoi láthair.
Tá an dá mhadra le bású ag tréidlia.
Tá an teach caomhnaithe ag na Gardaí agus tá scrúdú teicniúil á dhéanamh acu ar an áit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


