Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Beirt fhear maraithe i dtimpistí bóthair

29 JANUARY 2026, 11:39

Tá aon duine dhéag maraithe i dtionóiscí bóthair ar fud an Stáit go dtí seo i mbliana
X Facebook

Maraíodh beirt i dtimpistí bóthair in áiteanna éagsúla sa tír inné.

I gCo Mhuineacháin, maraíodh fear sna tríochaidí nuair a d'imigh a ghluaisteán den bhóthar in Inis Samháin sna Mullaí ag thart ar 7.30 tráthnóna inné.

Tugadh corp an fhir go hOspidéal Mhuire san Uaimh i gCo na Mí, mar a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

I gCo Laoise, gortaíodh go dona fear sna seachtóidí nuair a bhuail gluaisteán é ar an tSráid Mhór i Mainistir Laoise ag thart ar 7 a chlog tráthnóna inné.

Tugadh é go hOspidéal Réigiúnach Lár Tíre i dTulach Mhór i gCo Uíbh Fhailí, áit ar éag sé go gairid ina dhiaidh sin.

Fágann an dá thubaiste is deireanaí seo go bhfuil aon duine dhéag maraithe i dtionóiscí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ