Tá triúr fear gafa i gContae Lú maidir le luach bhreis is €10m de channabas a tógadh sa chontae sin.
Is mar chuid d'Oibríocht Tara ina bhfuil Seirbhís Chustaim na gCoimisinéirí Ioncaim,Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána agus an Biúró Eagraithe Coiriúlachta páirteach a tharla sé seo.
Rinne na gardaí áitreabh a chuardach agus thóg siad breis is 500 cíló de channabas.
Tá beirt de na triúr fear a gabhadh sna tríochaidí agus an fear eile sna caogadaí.
Tá siad á gcoinneáil i stáisiún gardaí i gcontaetha Lú agus Bhaile Átha Cliath.


