Dúirt Uachtarán na h-Ucráine, Volodymyr Zelenskyy go bhfuil cainteanna nua atá eagraithe ag Meiriceá le bheith ann idir An Úcráin agus An Rúis in Abu Dhabi Dé Céadaoin agus Déardaoin seo chugainn.
Dúirt sé freisin go bhfuil sé réidh do chainteanna substainteacha chun a chinntiú go mbeidh dínit ann do phobal na hÚcráine maidir le haon socrú a dhéanfaí.
San Úcráin féin aréir chaith oibrithe cothabhála cuid mhaith den oíche ag iarraidh teas a fháil ar ais don phobal i ndiaidh an bhriseadh cumhachta a tharla ansin inné.
Tá na céadta foirgneamh sa phríomh-chathair Cív fós gan aon teas.
Bhí an oíche aréir an-fhuar sa gcathair sin agus thit an teocht go lúide 20 céim.


