Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Glanadh suas san oirdheisceart

01 FEBRUARY 2026, 12:02

Droch-thuilte san oirdheisceart
X Facebook

Tá glanadh suas ollmhór fós ar siúl i gcuid den oirdheisceart.

D'fhág tuilleadh báistí i gcaitheamh an deireadh seachtaine tuilte as an nua a bhuail tithe cónaithe agus gnóluchtaí.

Tá cruinniú le bheith ag airí sinsearacha Rialtais amárach ag a bpléifear an bealach is fearr le dul i ngleic leis an damáiste atá tarlaithe de thoradh Stoirm Chandra sna réigiúin sin ó dheas agus taobh thoir.

Beidh an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris páirteach sa chruinniú ar-líne chomh maith leis na h-airí Jack Chambers agus James Browne.

Tá an Taoiseach le cuairt a thabhairt ar na réigiúin is measa atá buailte ag tuilte as seo go ceann cúpla lá.