Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Iar-phearsa mór le RTÉ,Joe Mulholland tar éis bháis

01 FEBRUARY 2026, 16:31

Joe Mulholland atá tar éis bháis
X Facebook

Tá iar-Stiúrthóir Bainistíochta Teilifíse agus iar-cheannasaí Nuachta RTÉ Joe Mulholland tar éis bháis.

Bhí sé 85 bliain d'aois agus bhí sé tinn le fada.

Thosaigh sé ag obair le RTÉ ag tús na seachtóidí mar stiúrthóir agus mar léiritheoir teilifíse agus ba ag plé le cláracha Gaeilge a bhíodh sé i dtús ama, ina measc an clár cúrsaí reatha,Féach.

Ba é a bhunaigh an clár cúrsaí reatha aitheanta, 'Today Tonight' i 1980 tráth a raibh sé ina cheannasaí ar chláracha cúrsaí reatha.

Bhí sé ina Stiúrthóir Nuachta ar an stáisiún i 1990 agus rinneadh Stiúrthóir Bainistíochta Teilifíse de ina dhiaidh sin.

D'éirigh sé as a chuid cúramaí in RTÉ sa bhliain 2000.

Ó Bhealach Fé i gCo.Dhún na nGall ó dhúchas ab ea Joe Mulholland.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Samhraidh MacGill sna Gleannta ina chontae dúchais i 1982.

Bhásaigh a bhean chéile Annie anuraidh.

Bhásaigh sé féin i mBaile Átha Cliath inné, áit a raibh cónaí air le blianta fada.

Maireann a thriúr clainne.