Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ainm Mitchell sciúrtha de Scoláireacht de bharr nasc le Epstein

02 FEBRUARY 2026, 10:36

Bhí sé ráite arís is arís eile ag an Seanadóir George Mitchell nach raibh aon bhaint aige le Jeffrey Epstein tar éis don airgeadaí a bheith ciontaithe.
X Facebook

Tá an US-Ireland Alliance tar éis ainm George Mitchell a sciúradh den Scoláireacht atá acu de bharr gaol a bhí aige le Jeffrey Epstein, gaol a bhí séanta ag an Seanadóir.

Gabhadh Epstein ar dtús i 2006 agus ciontaíodh é i 2008 as striapachas cailín faoi-aois. Ó shin bhí sé ráite go minic ag George Mitchell nach raibh aon teagmháil aige le Epstein tar éis a chiontaithe.

Léiríonn an fhianaise is deireanaí áfach, na comhaid is deireanaí atá foilsithe ag údaráis i Meiriceá, rphoist ina ndearna Epstein iarrachtaí cruinnithe idir an bheirt a eagrú i 2010 agus 2013.

Ní léir óna cáipéisí atá foilsithe ar tharla aon chruinniú eatarthu.

Tá ainm na seoltóirí agus na faighteoirí ar na rphoist ceilte ag na húdaráis agus ní léir cé go baileach atá ag tionscain na teagmhála.

Mar thoradh ar an eolas sna comhaid nua atá sé fógartha ag an US-Ireland Alliance nach mbeidh ainm an tSeanadóra luaite a thuilleadh lena gcuid scoláireachtaí.

Bill Clinton agus George Mitchell i 1994

Bunaíodh an George J Mitchell Scholarship - a thugann deis d'iarchéimithe as Meiriceá a theacht ag staidéar in ollscoileanna in Éirinn - in ómós do Mhitchell, atá 92 anois, as a chathaoirleacht ar na cainteanna as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.

"Tá muid thar a bheith bródúil as an gClár agus as na Scoláirí, agus ní bhaineann in aon chor an méid seo atá tarlaithe, ón méid atá bainte amach acusan ná ón tiomantas atá againne gaol gar a choinneáil idir iad agus an t-oileán, an Alliance, agus a chéile" a dúirt Trina Vargo, bunaitheoir agus uachtarán an US-Ireland Alliance.

"Leis an gcinneadh seo tá muid inann díriú ar an misean atá againn an gaol idir na Stáit Aontaithe agus oileán na hÉireann a neartú. Leis an ngaol mar atá sé faoi láthair, tá an misean sin níos tábhachtaí ná bhí riamh."

Dúirt Trina Vargo chomh maith gur "US-Ireland Alliance Scholars" a thabharfar feasta ar na mic léinnn.

Ó bunaíodh an clár i 1998 tá mic léinn iarchéime as Meiriceá á seoladh ar feadh bliana go hÉirinn agus go Tuaisceart Éireann, ach tá stad faoi láthair ann agus an Alliance sa tóir ar mhaoiniú dó.

Tá Trina Vargo ag iarraidh "go mbeadh foighid ag daoine" mar go mbeidh siad tamall a deir sí i mbun cainte le páirtithe leasmhara - "alumnais an chláir, Rialtas na hÉireann, lucht tacaíochta agus eile" - sula mbeidh "uasdhátú" ar an suíomh idirlín, ar a gcuid cuntas ar na meáin shóisialta agus cuntais eile oifigiúla ar ainm nua na Scoláireachta.

Thug an Alliance le fios i 2024 go raibh Rialtas na hÉireann sásta cómhaoiniú a dhéanamh ar shuim suas le €20 milliún a bheadh an Alliance in ann a aimsiú.