Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Imní faoina thuilleadh tuilte agus stádas buí báistí i bhfeidhm

03 FEBRUARY 2026, 18:15

Imní faoina thuilleadh tuilte agus stádas buí báistí i bhfeidhm
X Facebook

Tá stádas buí báistí i bhfeidhm in 8 gcontae i ndeisceart agus in oirthear na tíre agus báisteach throm tuartha ag Met Éireann sna ceantair sin.

Tháinig an foláireamh i bhfeidhm do Bhaile Átha Cliath, do chontae Lú, agus Chill Mhantáin ag 6 a chlog ar maidin agus fanfaidh an foláireamh buí báistí sin i bhfeidhm go dtí 9 a chlog anocht.

Bhí foláireamh buí báistí i bhfeidhm chomh maith do Cheatharlach, Chill Chainnigh, Loch Garman, Corcaigh agus Port Láirge óna 9 a chlog aréir go dtí a 3 a chlog tráthnóna.

Flood waters in Inistioge, County Kilkenny

Deir Met Éireann go bhfuil baol ann go dtarlóidh a thuilleadh tuilte agus beidh coinníollacha taistil an-deacair, a deir siad.

Tá imní faoina thuilleadh tuilte de dheasca na báistí agus an talamh sna ceantair sin báite cheana féin ó sheachtain báistí agus ó bhuail stoirm Chandra.

Ar maidin thug Airí rialtais a mbeannacht do phlean maoiniú éigeandála do ghnónna beaga agus grúpaí pobail atá buailte ag tuilte agus nach bhfuil faoi árachas a ardú ó €20,000 go suas le €100,000 euro chomh maith le híocaíocht tosaigh do €5,000.

Tá an Rialtas ag iarraidh dlús a chur faoin bpróiseas pleanála chun gur féidir scéimeanna faoisimh tuillte a chur i bhfeidhm níos tapúla, a deir an tAire Stáit Mary Butler.

Dúirt an tAire Stáit an méid sin agus í ar cuairt go Contae Chorcaí, áit go a bhfuil cónaitheoirí buailte ag an ndrochaimsir chomh maith.

Tá An Taoiseach Micheál Martin ag bualadh leis an nGrúpa Náisiúnta Coordaithe Éigeandála, Airí Rialtais sinsearcha, Oifig na nOibreacha Poiblí, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí eile tráthnóna chun na córais atá i bhfeidhm faoi láthair le dul i ngleic mór-eachtraí aimsire a phlé.

Taoiseach Micheal Martin walking through Enniscorthy in County Wexford

Tuigtear go bpléifear conas córais a chur i bhfeidhm a bheadh in ann tuilte a thuar níos fearr chomh maith le conas dlús a chur leis an gcóras pleanála chun scéimeanna faoisimh a chur i bhfeidhm níos tapúla.