Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Bill Clinton le fianaise a thabhairt i bhfiosrúchán comhdhála

03 FEBRUARY 2026, 18:23

Iar-uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton agus a bhean chéile, Hilary Clinton, le fianaise a thabhairt i bhfiosrúchán comhdhála maidir leis an gciontóir gnéis, nach maireann, Jeffrey Epstein
X Facebook

Tá iar-uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton agus a bhean chéile, an tIar-Rúnaí Stáit, Hilary Clinton, le fianaise a thabhairt i bhfiosrúchán comhdhála maidir leis an gciontóir gnéis, nach maireann, Jeffrey Epstein.

Former US President Bill Clinton (L) and former US Secretary of State Hillary Clinton (R) attend Donald Trump's inauguration.

Bhí aithne ag Bill Clinton ar Epstein, a bhásaigh sa phríosún in 2019, ach séanann Bill Clinton go raibh aon eolas aige faoi chiontaithe gnéis Epstein agus maíonn sé gur chuir sé deireadh le haon teagmháil a bhí idir é fhéin agus Epstein, 20 bliain ó shin.

A picture shows Jeffrey Epstein and Bill Clinton

Beidh sé seo ar an gcéad uair do Iar-Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe fianaise a thabhairt os comhair phainéal comhdhála, ó rinne Gerald Ford amhlaidh in 1983.

Tagann cinneadh Bhill Clinton agus Hilary Clinton fianaise a thabhairt, lá roimh vóta a bhí le reachtáil maidir le ar cheart díspeadh coiriúil a chur i leith na beirte toisc gur dhiúltaigh siad teacht i láthair go pearsanta chun labhairt ag coiste maoirseachta.

Washington , DC - January 20: Former President Bill Clinton and former Secretary of State Hillary Clinton arrive ahead of the 60th inaugural ceremony on January 20, 2025, at the US Capitol in Washington, DC. Trump becomes the 47th president of the United States in a rare indoor inauguration ceremony

Bhí sé curtha i leith an choiste ag Bill agus Hilary Clinton gur coiste claonta a bhí ann, a bhí ag díriú ar na Clintons in iarracht Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, duine a bhí mór le Jeffrey Epstein, a chosaint.

Tá sé ráite ag Bill Clinton go bhfuil aiféala air go raibh sé cairdiúil le Epstein agus nach raibh aon rud in aon chor ar eolas aige faoi na coireanna a bhí déanta ag Epstein.

' />