Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Cosc sa Spáinn ar dhaoine faoi 16 clárú le meáin shóisialta

03 FEBRUARY 2026, 12:57

An Spáinn le cosc a chur ar dhaoine óga faoi 16 bliain fáil a bheith acu ar na meáin shóisialta
X Facebook

Tá sé i gceist ag Rialtas na Spáinne cosc a chur i bhfeidhm ar dhaoine óga faoi 16 bliain, fáil a bheith acu ar na meáin shóisialta, agus an tír ag leanúint i gcoiscéimeanna na hAstráile, a bhfuil amhlaidh déanta aici cheana féin.

In this photo illustration, iPhone screens display various social media apps on the screens

Beidh ar ardáin na meán sóisialta, córais a chuir i bhfeidhm chun aois an té atá ag iarraidh cuntas a chruthú ar líne a dhearbhú, a deir Príomhaire na tíre sin Pedro Sanchez.

Spain's Prime Minister Pedro Sanchez holds a press conference at the end of a special European Summit in Brussels, Belgium

Tá beartais fógartha sa Spáinn in iarracht an spás digiteach do dhaoine óga a dhéanamh níos sábháilte agus chun iad a chosaint ó ábhar pornagrafach agus ó eolas bréagach i measc nithe eile.

I Mí na Nollag, ba í an Astráil an chéad tír ar domhan chun cosc dá leithéid a chur i bhfeidhm.

' />