Tá Marius Borg Høiby, mac Bhanphrionsa na hIorua, curtha ar a thriail in Osló na hIorua. Tá sé cúisithe in éigniú, i bhforéigean baile agus i ndrugaí a bheith ina sheilbh aige chomh maith le coireanna eile.
Tá Marius Borg Høiby ag pléadáil neamhchiontach sna cheithre chúis éignithe.
Tá an cás tar éis stangadh a bhaint as Teaghlach Ríoga na hIorua agus as an bpobal ansin go háirithe mar go bhfuil cáineadh go leor déanta ar an mBanphrionsa Mette-Marit, faoin gceangal a bhí aici le Jeffrey Epstein, an ciontóir gnéis as Meiriceá nach maireann


